Feirmeoireacht I gCiarraí

I rith Seactain na Gaeilge seo tá Teagasc Daily ag foilsiú ailt as gaeilge ó foireann Teagasc. Tá an dara ailt seo scríofa ag David Trant, comhairleoir, Teagasc Co. Ciarraí faoi Feirmeoireacht I gCiarraí. Bain taitneamh as agus Lá fhéile Pádraig sona dhaoibh ón Ríocht
Tá go leoir feirméoirí anseo i gCiarraí, 8,300 le bheith cruinn bheacht faoi. Tá timpeall 100,000 ba déiríochta, 40,000, ba mhairteoil agus 240,000 caoraigh scaipthe trasna na 400,000 heicteár anseo i gCiarraí. Go garbh tá 1,800 acra curtha ar leath thaobh le haghaidh churaíochta agus tá Foraoiseacht príobháideach ag clúdach 40,000 acra. Tá roinnt feirmeoiracht muc, éinfheoil agus gairneoiracht ar súil ach níl siad ró coitianta. Áfach bíonn dilúir, crainn Nollag agus barraíochta cosanta á fhás againn anseo. I measc an feirmeoireacht go léir fós bíonn 100 feirmeoirí orgánach againn.
An talamh i gCiarraí
Tá an talamh meascaithe agus bíonn difríocht le feiceáil ó áit go háit. Saor dréináil atá i gceist le thart ar 20% don talamh. Bíonn an talamh is tirime le taobh gleann na habhann agus i dtreo an chósta anseo i gCiarraí Thuaidh. Is figúir íseal é 20% ó thaobh saor dréináil de nuair a chuireann tú i gcomparáid é le Catharlach, áit ina mbíonn 70% don talamh rangaithe mar ithir saor dréináil.
Bíonn 40% don talamh feirmeoireachta i gCiarraí os cionn 150 meadar agus bíonn eagsúlacht ag baint leis an titim baistí. Ní thiteann ach thart ar meadar amháin sna áiteanna is tirime i gCiarraí Thuaidh agus bíonn timpeall is 3 meadar á thitim i limistéirí sléibhtúil thíos i gCiarraí Theas.
I gCiarraí bíonn tromlach dóibh ag feirméoiracht go pairtaimseartha agus bíonn cuid is mó dóibh dírithe ar feirmeoiracht caorach agus mairteoil. Bíonn ioncam na feirméoirí seo ag brath go mór mhór ar íocaíochtaí agus scéimeanna ón Aontas Eorpach. Tá an-tabhacht ag baint le scéimeanna timpeallachta sa chuntaí agus baineann Teagasc le Scéim Cromán na gceart agus an tionscnamh ‘Pearl Mussel’.
An Gaeltacht i gCiarraí
Sa lá atá inniú ann bíonn feirmeoiracht bunaithe ar inbhuanatheacht agus bíonn Teagasc ag cabhrú le feirmeoirí na hÉileamh atá curtha orthu a sroicheadh. Tá dhá Gaeltacht i gCiarraí, Ceann in iarthar an cuntaí darb ainm Corca Dhuibhne agus ceann eile i gCiarraí Theas ar a glaotar Uibh Ráthach. Tá sé ríthabhachtach go mbíonn feirméoirí sna Gaeltachtaí seo tócha san aireamh agus bainteach sa tionscnamh seo ionas gur féidir leo an lóchrann a fhágáil le hoidhreacht ag an gceád ghlúin eile.
Mar is gnáth taimid ag suil go mbeidh aimsir oiriúnach ag teacht agus mar a deirtear in iarthar Ciarraí ‘an gaoith aneas, bíonn sí tais, agus cuireann sí rath ar na síolta’.
Slán agus beannacht ón Ríocht.
Tuilleadh eoilas a fhail anseo faoi Teagasc Kerry / Limerick Advisory Region