Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics
Placeholder image

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Scéim Teanga 2022 - 2025

02 November 2022
Type Report

Comhlánaíonn an scéim seo na prionsabail a bhaineann le Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí chomh maith lenár gCairt Custaiméirí. Cuireadh i dtoll a chéile í d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh Teagasc ar bhonn céimnithe, tríd an scéim seo agus trí scéimeanna amach anseo, gach oibleagáid ábhartha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Download Publication (PDF)

Le hullmhú na scéime seo, tugadh aird chuí do na Treoirlínte arna n-eisiúint ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ina theannta sin, rinneadh próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha.

Faigheann Teagasc treoir ón bprionsabal gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí trí Ghaeilge bunaithe ar:

  • leibhéal éilimh ar sheirbhísí sonracha trí Ghaeilge
  • an tábhacht a bhaineann le cur chuige réamhghníomhach maidir le seirbhísí dá leithéid a sholáthar, agus
  • na hacmhainní, lena n-áirítear acmhainní daonna agus airgeadais, agus cumas an chomhlachta lena mbaineann an cumas teanga is gá a fhorbairt nó a rochtain.