Treochláir don Earnáil: 2027 foilsithe ag Teagasc
Tá naoi dTreochlár nua foilsithe ag Teagasc a fhéachann chun tosaigh go 2027 agus ina gcuimsítear na réimsí seo: an comhshaol, bia, foraoiseacht, gairneoireacht, curaíocht, muca, caoirigh, mairteoil agus déiríocht. Áirítear leo saincheisteanna a bhaineann leis an Margadh agus le Beartas; Struchtúr agus Méid féideartha na n-earnálacha in 2027; Impleachtaí Comhshaoil agus Talamhúsáide; mar aon le gníomhartha Taighde, Comhairleacha agus Oideachais.
“An meastachán is fearr” atá sna Treochláir i dtaca leis an treo ina bhfuil gach earnáil ag imeacht bunaithe ar an meascán de na tosca atá taobh thiar de chúrsaí geilleagracha, sóisialta agus beartais atá ar eolas faoi láthair, de réir Paul Maher, Leas-Stiúrthóir an Aistrithe Eolais in Teagasc.
Agus é ag labhairt le seimineár gréasáin ar maidin, Dé Máirt, an 8 Nollaig, chun achoimre a dhéanamh ar an mioneolas atá sna naoi dTreochlár atá ag Teagasc, seo a leanas a dúirt Ceann Chlár Gheilleagar agus Fhorbairt na Tuaithe Teagasc, Kevin Hanrahan; “Ar an iomlán tá an earnáil agraibhia in áit mhaith le bia ar ardcháilíocht a sholáthar do na margaí domhanda agus iad in aice linn, agus é sin a dhéanamh mar chuid de chlár folláin ó thaobh an chomhshaoil de. In ainneoin gur ábhar suntasach imní is ea lucht saothair atá ag dul in aois, tá sé léirithe ag táirgeoirí go bhfuil siad acmhainneach agus gur féidir leo a bheith freagrúil do chomharthaí margaidh agus beartais nuair atá siad tráthúil agus seasta.”
Rinne John Spink, Ceann an Chláir atá freagrach as an gComhshaol, Foraoiseacht, Gairneoireacht agus Curaíocht, achoimre ar na spriocanna tábhachtacha comhshaoil a mbeidh ról suntasach acu taobh thiar de na córais táirgeachta bia ar fad. Dúirt sé: “Tá dúshláin i ngach earnáil, mar shampla, gur gá astaíochtaí chuig an aer agus uisce, chomh maith le húsáid lotnaidicíde agus leasacháin, a laghdú, agus gnóthaí a choinneáil ag imeacht atá inmharthana ó thaobh an airgeadais de. Tionscnamh mór a bheidh sna Feirmeacha Comharthaíochta chun gnóthaí inbhuanaithe feirme a phríomhshruthú ar fud gach earnála. Tá deiseanna ann chomh maith atá á spreagadh ag spéis níos mó i mbianna plandabhunaithe. Tiocfaidh deiseanna chun cinn do na hearnálacha foraoiseachta, gairneoireachta agus curaíochta sna blianta atá le teacht.”
Rinne Pat Dillon, Ceann an Chláir atá freagrach as Déiríocht, Mairteoil, Caoirigh agus Muca, an tslí ina rachaidh na córais táirgeachta ainmhithe i ngleic le teicneolaíochtaí nua a leagan amach, amhail pórú beacht agus bainistíocht féaraigh, éifeachtúlacht níos fearr leasacháin agus úiré chosanta a úsáid chomh maith le leathadh sciodair astaíochtaí ísle chun tionchar na gcóras ar an gcomhshaol ar an iomlán a laghdú.
Rinne Mark Fenelon, Ceann Chlár Bia Teagasc, achoimre ar an infheistíocht shuntasach atá déanta le blianta beaga anuas leis an earnáil próiseála bia a nuachóiriú agus le hinniúlacht nuála na hearnála a fheabhsú. Léirigh sé chomh tábhachtach agus atá freagairt na hearnála bia do chomharthaí agus éilimh an mhargaidh má tá rath le bheith ann ar bhonn leanúnach, agus chaith sé súil chun tosaigh chuig deiseanna breise don earnáil sa bhithgheilleagar atá ag teacht chun cinn. Tá níos mó tomhaltóirí ar lorg fianaise go bhfuil bearta inbhuanaitheachta curtha i bhfeidhm sa slabhra bia. Tá bia na hÉireann á tháirgeadh ag na mílte feirmeoirí agus cuideachtaí agraibhia, agus easpórtáiltear earraí chuig 180 margadh ar fud an domhain. Luacháladh an earnáil ar €13.7 billiún.
Mar achoimre, d’aithin Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle, an dúshlán a bhaineann le treochláir a fhorbairt in am a mbíonn athrú mear ag teacht ar bheartas. Dúirt sé go raibh sé ag súil le go mbeadh ról fiúntach ag Teagasc maidir leis na spriocanna atá sna treochláir a sholáthar sna hearnálacha ar fad ón am atá i láthair go 2027.
Tá nasc chuig an seimineár gréasáin agus na Treochláir ar fad le fáil le féachaint orthu ag https://www.teagasc.ie/news--events/national-events/events/teagascroadmaps2027.php