Fóram Náisiúnta Barr Teagasc
Bhí an Fóram Barr ar siúl inné, Déardaoin an 8 Meán Fómhair, mar imeacht hibrideach, in Óstán Killashee, an Nás, contae Chill Dara, agus freisin mar sheimineár gréasáin beo ar líne, chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna agranamaíochta is déanaí atá roimh fheirmeoirí, ach freisin ar na rioscaí méadaithe d’fheirmeoirí in 2023. Sheol an fóram barr freisin roinnt tionscnaimh nua chun cuidiú le feirmeoirí amach anseo
Michael Hennessy, Ceann an Aistrithe Eolais Barr le Teagasc ag an bhFóram Náisiúnta Barr a bhí ar siúl Déardaoin an 8 Meán Fómhair, mar imeacht hibrideach, in Óstán Killashee, an Nás, contae Chill Dara, agus freisin mar sheimineár gréasáin beo ar líne.
Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sonraí i láthair maidir leis na cineálacha gránbhairr atá ar fáil d’fheirmeoirí i mbliana. Dúirt Cara Mac Aodháin ó rannóg tástála gránbhairr na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara; “Déantar tréaniarracht gach bliain tástáil dhian a dhéanamh ar chineálacha lena chinntiú go bhfuil siad ar na caighdeáin is airde chun cuidiú le rialú galar agus tréithe agranamaíochta eile agus go bhfuil na tréithe sin go léir ag cuidiú le hionchur lotnaidicídí a choinneáil chomh híseal agus is féidir.”
Mar thoradh ar fhómhar iontach in 2022, thug Michael Hennessy, Ceann an Aistrithe Eolais Barr i dTeagasc, cuntas don fhóram ar na bearta is gá a dhéanamh an fómhar seo chugainn chun torthaí arda a chinntiú. Dúirt Michael Hennessy; “Le cur luath méadaítear na rioscaí ó Víreas Abhac Buí na hEorna (BYDV) agus ó na galair ‘lotmhara, ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh toradh níos airde mar thoradh air.”
Sheol Shay Phelan, Speisialtóir Curaíochta le Teagasc, an Teimpléad Comhroinnte Innealra ag an bhFóram Barr. Dúirt Shay Phelan; “Cuireann an teimpléad seo leis an tsraith comhaontuithe comhoibrithe feirme Teagasc atá ann faoi láthair agus tá sé ina bhonn do chomhaontú do roinnt feirmeoirí innealra a cheannach i gcomhpháirt, nó b’fhéidir cruth éigin a chur ar na comhaontuithe atá ar an bhfeirm cheana”. I bhfianaise an mhéadaithe ar phraghas an innealra le bliain anuas tá an rogha maidir le roinnt innealra níos tarraingtí anois, go háirithe d’innealra nach n-úsáidtear gach lá amhail gaíonadóir, leatóirí láibe, leatóirí sciodair, etc.
Sheol Teagasc agus Farmplan comhpháirtíocht trí bliana chun feirmeoirí curaíochta a spreagadh lena dtaifid feirme a thaifeadadh go digiteach le clár bogearraí néalbhunaithe ar a dtugtar Gatekeeper Express+. Leis an gcomhpháirtíocht tabharfar lascaine shubstaintiúil do chliaint Teagasc le linn na chéad chúpla bliain d’úsáid ionas gur féidir le feirmeoirí triail a bhaint as na bogearraí lena fháil amach an oireann siad do riachtanais a bhfeirmeacha. Ba cheart d’fheirmeoirí curaíochta dul i dteagmháil lena gComhairleoir i dTeagasc chun tuilleadh sonraí a fháil.
Chlúdaigh an fóram freisin na hathruithe ar féidir le feirmeoirí a bheith ag súil leo ón scéim nua CBT i mbliana. Thug Ciaran Hickey agus Conor O’Callaghan, an dá Chomhairleoirí Teagasc, achoimre don fhóram ar an dóigh a n-oibríonn an CBT agus scéim nua comhshaoil ACRES ó thaobh airgeadais de ar fheirm do shaothróirí. Dúirt Conor O’Callaghan; “Beidh duine de mo chliaint ag a bhfuil teidlíochtaí arda i bhfad níos measa as sa bhliain 2027 i gcomparáid leis na híocaíochtaí a rabhthas ag súil leo in 2022”. Dúirt Ciaran Hickey a rinne anailís ar scéim ACRES do shaothróirí curaíochta; “Tá roghanna den chineál céanna ag baint leis an scéim ACRES leis an scéim GLAS roimhe sin, ach is dócha go mbeidh ar fheirmeoirí curaíochta cion de bharra earraigh a bheith acu chun íocaíochtaí a uasmhéadú.”
Le linn an tseisiúin dheireanaigh, phléigh painéal feirmeoirí, an lucht tionscail, baill foirne na Roinne Talmhaíochta agus Teagasc na rioscaí a bhaineann le barra a fhás don séasúr atá le teacht. Pléadh ceisteanna sa chuid sin ón lucht féachana/éisteachta sa seomra agus freisin ar an seimineár gréasáin sruthaithe lena clúdaíodh réimsí amhail costais agus infhaighteacht leasachán, costais iomlána táirgthe, treo dóchúil na margaí barrghráin, etc.
Beidh taifead iomlán den seimineár gréasáin ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc ag www.teagasc.ie/publications